Skip to main content
Department of Education Department of Education

Main navigation

  • Home
  • Topics
  • Publications
  • Consultations
  • Contact

Translation help

Translate this page

Select a language

  • Arabic — عربي
  • Chinese (Simplified) — 中文简体
  • Chinese (Traditional) — 中文繁體
  • Dutch — Nederlands
  • Filipino — Filipino
  • French — Français
  • German — Deutsch
  • Hungarian — Magyar
  • Irish — Gaeilge
  • Italian — Italiano
  • Latvian — Latviešu
  • Lithuanian — Lietuvių kalba
  • Polish — Polski
  • Portuguese — Português
  • Romanian — Română
  • Russian — Русский
  • Slovak — Slovenčina
  • Spanish — Español
  • Ukrainian — Українська
  • Castar daltaí Naíscoil an Chéide ar an Aire Oideachais

    Date published: 28 January 2016

    Thug an tAire Oideachais John O'Dowd cuairt inniu ar Naíscoil an Chéide, ar an Chéide.

    Casadh daltaí, tuismitheoirí agus baill foirne ar an Aire ag an tsaoráid réamhscolaíochta, a d'oscail a doirse don chéad uair i nDeireadh Fómhair 2015, roimh shult a bhaint as cur i láthair ó ná daltaí.

    Ag labhairt dó le linn a thurais ar an réamhscoil, arsa na tAire O'Dowd:

    “Bíonn tionchar thar a bheith dearfach ag an oideachas luathbhlianta ar thodhchaí páistí. Gach bliain, spreagaim tuismitheoirí bheith rannpháirteach sa chlár oideachas réamhscolaíochta agus cuireann sé lúcháir orm gur cuid den clár sin í Naíscoil an Chéide.

    “Cuireann an t-oideachas réamhscolaíochta leis na heispéiris dhearfacha foghlama a bhíonn ag páistí sa bhaile trí réimse saibhir de ghníomhaíochtaí agus d'eispéiris a chur ar fáil a chuireann an dúshraith faoin chéad chúpla bliain ar an Bhunscoil chomh maith leis an rath amach anseo.

    “Bhain mé sult ar leith as éisteacht leis na daltaí ag aithris dánta agus rannta trí mheán na Gaeilge inniu agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine ar Naíscoil an Chéide as cuireadh a chur orm teacht anseo inniu. Le scoilbhliain amháin anuas, bhí breis agus 5,000 páiste ón réamhscolaíocht go dtí an iar-bhunscolaíocht á dteagasc in earnáil na Gaelscolaíochta. Is éacht iontach ar fad é seo agus tá lánmhuinín agam go rachaidh an earnáil ó neart go neart feasta.”

    Nótaí d’eagarthóirí: 

    1. Cuireann 'Oibríonn an tOideachas', feachtas na Roinne Oideachais luach an oideachais chun cinn. Is é aidhm feachtas na bliana seo a chinntiú go bhfuil eolas ag tuismitheoirí ar an scolaíocht agus fios acu cé na céimeanna a thig leo a ghlacadh le 'Bheith Rannpháirteach' agus tacú lena ndéagóirí torthaí maithe a ghnóthú ar scoil. Bígí ag faire amach faoi choinne na bhfógraí teilifíse, raidió agus i suíomhanna faoin spéir. Dírítear aird san fheachtas ar ról ríthábhachtach a bhíonn ag teaghlaigh le cuidiú lena gcuid páistí gnóthú go maith ar scoil agus a ndeiseanna sa saol a fheabhsú. Tá tuilleadh eolais ar nidirect - Education works nó trí choimhéad ar an fhógra teilifíse ar chainéal YouTube na Roinne
    2. Amharc grianghraif de chuid na Roinne Oideachais inár gcnuasach ag flickr
    3. Fiosruithe de chuid na meán chuig Foireann Chumarsáide na Roinne Oideachais ar Teil: 028 9127 9207. Taobh amuigh d'uaireanta oifige, déan teagmháil leis an Phreasoifigeach ar Dualgas trí uimhir ghlaoire 07699715440 agus glaofar ar ais ort.

    A roinnt an leathanach seo

    Latest news

    • Givan welcomes Independent Review of Assessment Report

      5 March 2026

    • SEN Reform Training project launched to enhance early years support for children with Special Educational Needs (SEN)

      5 March 2026

    • Education Minister unveils reforms to GCSEs and A Levels in Northern Ireland

      3 March 2026

    • Revised guidance on schools Transformation to Integrated status published

      25 February 2026

    More news …
    Share this page Share on Facebook (external link opens in a new window / tab) Share on X (external link opens in a new window / tab) Share by email (external link opens in a new window / tab)

    Department footer links

    • Crown copyright
    • Terms and Conditions
    • Privacy
    • Cookies
    • Accessibility
    • The Northern Ireland Executive
    • The Executive Office
    • Department of Agriculture, Environment and Rural Affairs
    • Department for Communities
    • Department for Education
    • Department for the Economy
    • Department of Finance
    • Department for Infrastructure
    • Department for Health
    • Department of Justice
    • nidirect.gov.uk — the official government website for Northern Ireland citizens